top of page

Body & Breath

Le Claire & Michael Blake

Senior Trainers Transformational Breath ®

IMG-20240724-WA0009.jpg
IMG-20240724-WA0012.jpg

Claire agus Michael Blake 

Tuilleadh Eolas:

www.heartspace.ie

Treoraithe ag Áine, Claire agus Michael caith deireadh seachtaine ar Inis Oírr ag foghlaim agus ag nascath le go cholainn agus        d´ánáil.

Is oileánach í Áine, atá ag tabhairt cuireadh duit dul i dtaithí ar áilleacht dochreidte Inis Oírr trí shúile duine de mhuintir na háite. 

Is traenálaithe sinsearacha iad Claire agus Michael Blake le Transformational Breath ®. Tá stíl séimh agus oscáilte acu a thugann le fios na blianta atá caite acu san obair seo. Tá ceardlainn agus traenáil treorithe acu ar fud na gcruinne.

Céard le bheith ag súil leis

​​

​Dé hAoine

Déan do bhealach go Inis Oírr. Cruinnigh agus buail leis an ngrúpa le haghaidh béile éadrom ullmhaithe ag baint úsáide as comhábhair a fhástar go háitiúil. Tar éis siúlóid ghearr go dtí ár spás dhraíochtiúil cuireadh muid tús le himeachtaí an deireadh seachtaine le ceardlann anála. Ullmhóidh roinnt anála shimplí muid le oíche codlata shuaimhneach agus deireadh seachtaine​ draíochtiúil.

                                                                                                   Dé Sathairn

Tosnoidh an lá le roinnt ióga (ar an trá má cheadaíonn an aimsir) agus muid ag breathnú uainn ar an ngrian ag scaladh thar bhaile álainn Dhúlainn agus aillte móra an Mhothair.

 

Ina dhiaidh sin, lig don Atlantach do chuid imní a ghlanadh le snámh san uisce glan úr.  Mothaigh tú tumtha sa tírdhreach le fuaim na n-éan agus na dtonn ag bualadh in aghaidh an chladaigh do shocrú don lá atá  romhat.​​Scaoil leis an strus laethúil agus bí, go simplí i láthair na huaire.

 

Beidh neart ama le linn an deireadh seachtiane le spaistóireacht timpeall an oileán., siúlóidí cladaigh ag bailiú eolais faoi phlandaí na háite, do rogha féin. 

 

Bíonn chuile deireadh seachtaine beagáinín éagsúil agus fágtar neart ama i gcónaí le rudaí a dhéanamh ar do luas féin.​

 

Beidh ceardlainn anála nasctha isteach le linn an deireadh seachtaine.​Bailigh le chéile um thráthnóna le haghaidh béile baile-cócaráilte lán le comhábhair áitiúla, deis taithí agus siamsaíocht a roinnt le chéile.

 

Tá imeacht speisialta ar siúil ar an oileán an deireadh seachtaine seo agus beidh muid ina chroílár.

Dé Domhnaigh

Cuirfidh maidin aoibhinn ióga, sabhna agus snámha abhaile thú agus tú ag aireachtáil go hiomlán athnuachan, réidh le tabhair faoin saol aríst

IMG-20240724-WA0018.jpg

Lóistín

                                             

Fanóidh tú i dteach áitiúil. Tá seomra folcadh ceangailte le chuile sheomra agus roghanna ann idir seomra príobháideach nó seomra roinnte.​​

Nóta

Beidh an chuid is mó de ghníomhaíochtaí laethúla ar siúl lasmuigh sa tírdhreach uathúil aolchloiche. Ag braith ar an aimsir tá spás álainn laistigh ag fanacht más gá. Bíonn gach deireadh seachtaine rud beag éagsúil agus cuireann sé ar ár gcumas  muid na himeachtaí a athrú de réir mar a fheileann.​​​

 

Cinntítear eispéireas uathúil agus seans do cheangal  le gluaiseachtaí do choirp 'is d'anáil. Taitníónn le hÁine a cuid ranganna Ióga a reachtáile trí Ghaeilge, as ná bíodh inmí ort is furaosta iad a leannacht.​​

 

*Praghsanna ticéid ar scála sleamhnáin ar fáil. Téigh i dteagmháil le ealuaran.com le plé a dhéanamh.

Céard  le tabhairt  leat

Éadaí Te, fearas báistí, hata, tóirse póca, peann, páipéar, culaith snámha, cupán ath-inúsáidte agus buidéal uisce.

Scéal, dán, amhrán, uirlis cheoil nó cluas éisteachta.​​

 

San áireamh

Costas lóistín 2 oíche, béile éadrom ar theacht, 1 x Dinnéar, 2 x bricfeasta ilchríochach, tae, deochanna agus sneaiceanna ar fad.​​​

Nach bhfuil san áireamh

Taisteal go dtí an oileán. Cóireálacha Spa, cíos rothar má thograíonn tú.​

Le spás a chur i áireamh seol ríómhpoist chuig ealuaran@gmail.com déan cinnte do rogha loistín a luaigh.

Taisteal

As Gaillimh

Bád, Aran Island Ferries, Ros a Mhíl, Co. na Gaillimhe

Gach lá ó Ros a Mhíl 10.30am nó 6pm (6.30pm ar an Aoine)

Gach lá ó Inis Oírr 8am (8.45am ar an Domhnach) nó 4.30pm

Fágann bus ó Ghaillimh ag 9am nó 4.45pm nó páirceáil €5 in aghaidh an lae

Aranislandsferries

Éitilt, Aer Árann, Indreabháin, Co. na Gaillimhe 9am, 10.30am or 4.30am

Bus ó chathair na Gaillimhe nó páirceáil saor in aisce

Ó Dúlainn

Doolin Ferries, Co. an Chláir, 10am-5/6pm gach uair nó mar sin.

Déan seiceáil leis an gcomhlacht.​ Páirceáil €15 don deireadh seachtaine

bottom of page