Skip to main content

5 chúis gur fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann5 reasons why it is worth visiting the Aran Islands

An bhfuil tú ag pleanáil saoire in áit éigin in Éirinn nó i do shuí sa mbaile ag cuimhneamh ar an gcéad áit eile a dtabharfaidh tú cuairt air? Is dóigh gur chuala tú go minic cheana faoi na triúr deirfiúr – Oileáin Árann- amach ó chósta na Gaillimhe ach nár éirigh leat cuairt a thabhairt orthu aon uair? I gcúl do chinn tá tú ag déanamh iontas an fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann? B’fhéidir go bhfuil tú fós ag smaoineamh an fiú an turas gearr a dhéanamh trasna na farraige go hInis Oírr, Inis Meáin nó Inis Mór.

Ceapaimse, agus neart fáthanna agam leis sin, gur fiú go mór cuairt a thabhairt ar na hoileáin uathúla, garbha, aolchloiche seo agus seo 5 cinn de na fáthanna is mó go mba cheart duit cuairt a thabhairt.

#1 – Is cosúil go moillíonn an t-am anseo

Tá luas saoil difriúil ar oileán. Gluaiseann chuile rud beagánín níos moille, labhraíonn na daoine níos moille – taobh amuigh de mhuintir na háite ag caint Gaeilge. Airíonn rudaí beagán níos ciúine ar an oileán, áit é inar féidir leat dearmad a dhéanamh ar na rudaí atá le déanamh agat, ar na háiteanna a chaithfidh tú dul agus díriú isteach ar thaitneamh a bhaint as torann na farraige, as an dúlra agus as síocháin. Caith roinnt ama anseo agus tosóidh tusa ag moilliú anuas freisin.

#2 – Insroichte

Cé nuair a bhíonn tú ar Oileáin Árann go n-airíonn sé i bhfad ó bhaile, i ndáiríre níl ann ach turas gairid. Níl aon ghá seasamh i scuaine slándála san aerfort nó bus a thógáil chomh fada le do charr sa gcarrchlós atá na mílte uait! Ag brath ar an oileán a roghnaíonn tú, ní thógann an turas ach thart ar 20 nóiméad ar bhád agus 8 nóiméad san eitleán. Níl le déanamh agat ach páirceáil in aice leis an mbád farantóireachta nó léimneach den bhus, agus tar éis turas gairid beidh tú ann.

Conas a Fháil Anseo

#3 – Na Daoine

Is daoine ar leith iad muintir na n-oileán – agus nílim á rá sin mar gur oileánach mé féin. Nuair atá muid gearrtha amach ón mórthír agus nach bhfuil na báid lastais in ann teacht chomh fada linn nó nuair a bhíonn ceann de na tithe tábhairne síos go dtí an bairille deireanach Guinness, sin an uair atá do phobal tábhachtach. Seasann na hoileánaigh le chéile agus cé go bhfuil iomaíocht shláintiúil idir na hoileáin, ní fheicfidís a cháile sáinnithe. Blianta ó shin thugtaí an dochtúir, an sagart agus corr thurasóir a bhí imithe i dtír ar an oileán mícheart ó oileán go hoileán sna ‘’currachaí’’ (báid thraidisiúnta déanta as canbhás) – sa lá atá inniu ann bád innill a d’úsáidfí (níl an lá ar fad againn!).

Nóta: Bíonn séasúr an tsamhraidh fada agus gnóthach agus bíonn na hoileánaigh an-tógtha suas ar fad – bí airdeallach air sin. Is ea is mó ama a chaithfidh tú ar an oileán is ea a chuirfidh tú aithne cheart ar na daoine!

#4 – Claíocha Aolchloiche

Deir daoine gur briseadh amach ón mBoirinn muid agus go bhfuil tírdhreach cosúil leis an Bhoirinn anseo. Dar liomsa, níl ár dtírdhreach cosúil le haon áit eile. Is cinnte go bhfuil carraigeacha aolchloiche anseo, bhris na glúnta oileánach na carraigeacha seo agus thóg siad na mílte agus na mílte claíocha cloch . Tá claíocha déanta timpeall ar bhuailte ina bhfásann fataí agus claíocha déanta le beithígh a choinneáil istigh. Ní raibh coincréit ar bith ann an uair sin agus tá na claíocha ina seasamh fós! Ní fheicfidh tú claíocha mar iad in áit ar bith ar domhan- claíocha a sheasfaidh níos faide ná aon duine a mbeidh an t-ádh orthu lán na súl a bhaint astu.

#5 – Teanga

Labhraíonn níos lú ná 2% de dhaonra na hÉireann Gaeilge go laethúil. An ghlúin nach raibh Béarla ar bith acu agus nár labhair ach Gaeilge níl siad ann níos mó, labhraítear an Ghaeilge chuile lá fós ar an oileán seo, inár scoileanna agus inár bpobail. Is teanga dhomhanda an Béarla agus le domhandú tagann athrú.

Tabhair cuairt ar an oileán sna míonna ciúine, caith deireadh seachtaine nó níos mó ann agus beidh neart deiseanna agat éisteacht leis an teanga, a bheith dá foghlaim agus an cúpla focal atá agat a chleachtadh.

Tabhair cuairt ar an oileán sna míonna ciúine, caith deireadh seachtaine nó níos mó ann agus beidh neart deiseanna agat éisteacht leis an teanga, a bheith dá foghlaim agus an cúpla focal atá agat a chleachtadh.

Ag Smaoineamh Cuairt a Thabhairt ar Oileáin Árann, DÉAN CINNTE!
Má tá tú fós ag cuimhneamh an fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann, seo roinnt de na príomhchúiseanna go gceapaimse gur áit speisialta iad. Ach, ná glac le m’fhocalsa. Cuir do thicéad in áirithe, pacáil do mhála agus faigh amach duit féin.

Áirigh AnoisTurasanna