Skip to main content

Creid é nó ná creid, tá an t-ádh le 1,200 duine a bheith ina gcónaí ar Oileáin Árann.

Ní hé amháin go gcónaíonn daoine ar na hoileáin ach bíonn siad breá bisiúil. Cónaíonn timpeall 1,200 duine ar na hoileáin, idir Inis Mór (an ceann is mó), Inis Meáin (sa lár) agus Inis Oírr (an ceann is lú). Níl na hoileánaigh seo ag streachailt de bharr scoiteachta – tá saol breá saibhir, bríomhar acu chomh maith le pobail, traidisiúin agus nasc láidir lena dtimpeallacht.

Ní díreach cárta poist deas iad Oileáin Árann

Oileáin Árann: trí oileán garbha agus sceirdiúil suite amach ó chósta thiar na hÉireann. Chuile sheans go bhfuil pictiúir daoibh feicthe agat nó gur airigh tú faoi na claíocha cloch, na geansaithe olann agus na dúnta ársa. Aon uair a chuireann duine éigin pictiúr suas de na hoileáin, is cinnte go bhfeicfidh tú an cheist: “An gcónaíonn daoine ar na hoileáin”?“Do people actually live there?”

Is é an freagra gearr ná, cónaíonn go cinnte!Ach caithfidh muid dul níos doimhne sa scéal mar tá níos mó i gceist le hOileáin Árann ná radharcanna breátha agus saol galánta le ciumhais an Atlantaigh.

An bhfuil Leictreachas ar Oileáin Árann

Wi-fi agus eile.

Céard a dhéanann daoine ar Oileáin Árann?

Caitheann siad an chuid is mó den am ag coinneáil súil amach an dtiocfaidh Colin Farrell den bhád!! Haha, tá neart le déanamh ag na hoileánaigh ar nós iad siúd a chuaigh rompu.

Bheul, seachas a bheith ag baint pléisiúir as na tírdhreacha breátha (an t-ádh orthu) bíonn na hoileánaigh priaclach le gníomhaíochtaí traidisiúnta ar nós iascaireacht, feirmeoireacht agus ceardaíocht.. Go deimhin, is dóigh go bhfuil geansaithe Árann feicthe nó caite agat? Déantar sna hoileáin iad, lámhchniotáilte ag úsáid pátrúin ársa. Tá an fheirmeoireacht gar dá gcroí, agus is minic iad ag déanamh buaile de chreig trí fheamainn a chur ar phaistí garbha chun plandaí a fhás. Bí ag caint ar dhúthracht!

Agus sibhse atá fiosrach faoin saol sóisialta – baineann na hoileánaigh gan dabht sásamh as seisiúin cheoil, teacht le chéile sna tithe tábhairne agus féilte.. Cé go bhfuil na hoileáin ciúin níl aon ghanntanas iontu d’imeachtaí cultúrtha, seisiúin ceol gaelach traidisiúnta agus pobail ag teacht le chéile. Ceangal láidir acu leis an talamh agus leis an bhfarraige.

An Labhraítear Gaeilge fós ar Oileáin Árann?

Labhraítear gan dabht. Tá Oileáin Árann sa nGaeltacht (ceantair ina labhraítear Gaeilge) agus is í an Ghaeilge gnáth-theanga an chuid is mó de na daoine. Sin ceann de na gnéithe is suntasaí a bhaineann le hOileáin Árann. Ní hé amháin go bhfuil an Ghaeilge á coinneáil beo ach is breá leis na cuairteoirí freisin í. Samhlaigh pionta a ordú i nGaeilge sa teach tábhairne nó oileánaigh a aireachtáil ag caint i nGaeilge agus iad a mbun a ngnóthaí laethúla. Tá sé ar nós dul ar ais siar chuig am go raibh tír na hÉireann níos traidisiúnta agus fíorshaibhir ó thaobh an chultúir de, nuair a bhí borradh faoin teanga agus meas ar ár n-oidhreacht.

Cén fáth a bhfanann daoine ar na hOileáin?

Cén fáth go roghnódh aon duine cónaí ar oileán beag scoite gar don fharraige gharbh? Go simplí: .baineann sé le pobal, oidhreacht agus áilleacht. Tá braistint láidir cómhuintearais ar Oileáin Árann. Aithníonn chuile dhuine a chéile, agus cruthaítear nasc cumhachtach de bharr a bheith ag cónaí i bpobal a dhéanann as dóibh féin agus a sheasann go dlúth le chéile.

Feiceann go leor daoine na hoileáin mar áit do chaomhnú an chultúir Éireannaigh agus mar bhealach saoil níos moille agus níos fiúntaí. Is áit é ina mbaineann na daoine leas iomlán as a saol,le meas mór ar a stair, a dteanga agus a dtalamh. Cuireann na radharcanna iontacha leis freisin!

An Tuairim Dheiridh: Níos mó ná Pictiúr deas

Sea, cónaíonn daoine ar Oileáin Árann. Agus cé go gceapfadh daoine ón taobh amuigh gur saol crua, iargúlta agus uaigneach é ní cheapann na hoileánaigh é sin, is é a mbaile é. Áit ina mbíonn feiceáil ar luí gréine iontach gach tráthnóna, ina bhfuil traidisiúin fíorláidir, agus rithim saoil a théann de réir an nádúir seachas de réir an chloig.

An chéad uair eile a dtagann tú trasna ar phictiúr d’Oileáin Árann agus a mbíonn tú ag déanamh iontas an gcónaíonn daoine orthu, cuimhnigh nach é amháin go maireann siad ansin ach go mbíonn saol bisiúil acu, ag fíochán an tsean leis an nua ar cheann de na háiteanna is aitheanta in Éirinn.

Agus cé aige atá a fhios? I ndiaidh duit cuairt a thabhairt orthu b’fhéidir go mbeifeá do do shamhlú féin ag cónaí ansin freisin!

Ag Smaoineamh ar Chuairt a Thabhairt ar Oileáin Árann? Tabhair Cuairt Orthu!

Más rud é go bhfuil tú fós ag smaoineamh ar ar fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann, seo roinnt de na príomhchúiseanna a chreidim a fhágann go bhfuil siad speisialta. Ach ná glac le mo chuid focal amháin. Déan do thicéad a chur in áirithe, pacáil do mhálaí, agus féach leat féin!

Áirigh AnoisTurasanna