Treoir maidir leis an am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileán Árann ag brath ar an séasúr
Is fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann – Inis Mór, Inis Meáin, agus Inis Oírr – am ar bith den bhliain. Ní fheicfeá in aon áit eile sa tír ná ar domhan na tírdhreacha fiáine aolchloiche, an cultúr saibhir Éireannach ná an nasc láidir leis an dúlra atá iontu.
É sin ráite, braitheann an cineál saoire a bheidh agat ar an tráth den bhliain a thugann tú cuairt.
Mar sin cén t-am is fearr le dul chuig Oileáin Árann? Brisfidh muid síos é de réir na séasúr agus tabharfaidh mé na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le gach ceann. Ní bheidh le déanamh agatsa ach an t-am is fearr a fheileann duit féin a roghnú.
Céard é an t-am is fearr mar sin le cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann?
San Earrach – Aibreán/Bealtaine – Tá chuile dhuine breá fuinniúil
De réir mar a thagann fad leis an tráthnóna tosaíonn na daoine ag dúiseacht suas. Tosaíonn lucht turas ag réiteach suas agus bíonn turasóirí le feiceáil arís.
- Aimsir níos séimhe: Tosaíonn an teocht ag ardú agus bíonn sé níos deise le siúl thart. . Tréimhsí níos faide de sholas lae.Longer spells of daylight.
- Níos lú turasóirí: Ní hé buaic an tséasúir turasóireachta fós é agus mar sin is féidir leat taitneamh a bhaint as áilleacht na n-oileán gan sluaite timpeall ort. D’fhéadfadh nach mbeadh deoraí thart ort agus tú ag siúl le cósta nó ag breathnú ar láithreacha stairiúla ar nós Dún Aonghasa.
- Bláthanna Fiáine faoi Bhláth: Bíonn bláthanna fiáine go fairsing le feiceáil, rud a chuireann beocht sna claíocha agus buailte. Am iontach do shiúlóidí dúlra agus chun pictiúir a thógáil.
Míbhuntáistí:
- Ní féidir brath ar an Aimsir: Cé nach bhfuil sé chomh fuar ag an am seo den bhliain, ní féidir a bheith cinnte faoin aimsir. D’fhéadfadh grian a bheith ann nóiméad amháin agus múr báistí an chéad nóiméad eile agus mar sin níor mhór duit neart éadaí chomh maith le héadaí báistí a phacáil.
- Seirbhísí Teoranta: Ní gá go mbeadh roinnt caiféanna, tithe lóistín nó seirbhísí turasóireachta oscailte fós nó nach mbeidís oscailte ach cúpla uair an chloig ag fáil réidh don samhradh.
Is é seo an t-am is fearr dóibh siúd atá sa tóir ar shuaimhneas, síocháin agus taitneamhacht dúlra.
Meitheamh – Lúnasa: An Samhradh = am gnóthach
Is sa samhradh is mó a thugann daoine cuairt ar Oileáin Árann agus fáth maith leis sin. Bíonn an aimsir níos fearr agus bíonn an saol níos bríomhaire ar na hoileáin sa samhradh.
Buntáistí:
- An Aimsir is Fearr: Go hiondúil bíonn an aimsir deas te sa samhradh, ach ar ndóigh ní féidir a bheith cinnte faoi sin níos mó. Beidh deis agat siúl thart ó mhaidin go faoithin mar gheall ar na laethanta fada. San aimsir bhreá beidh deis agat radharcanna áille a fháil de luí na gréine.
- Féilte agus Imeachtaí: Tagann beocht san áit le linn séasúr an tsamhraidh idir féilte, seisiúin cheoil traidisiúnta agus imeachtaí cultúrtha eile. Bíonn ceol sna tithe tábhairne mórán chuile oíche.
- Seirbhísí faoi Lán Seoil: Tá chuile rud oscailte, caiféanna, bialanna, lóistín leaba agus bricfeasta, áiteanna rothair ar cíos agus seirbhísí éagsúla bád ar fáil. Neart roghanna ó thaobh gníomhaíochtaí, bia agus lóistín.
Míbhuntáistí:
- Sluaite: Is féidir leis na hoileáin, Inis Mór go háirithe, a bheith gnóthach. Más ag iarraidh suaimhneas atá tú, tá seans maith go mbeidh na tránna agus na láithreacha stairiúla plódaithe ag an am seo den bhliain.
- Praghsanna níos Airde: Go minic nuair a ardaíonn an t-éileamh, is iondúil go n-ardaíonn costas lóistín agus bád. Ní mór áirithint luath a dhéanamh le bheith cinnte go mbeidh áit agat sa mbuaicshéasúr.
Is é seo an t-am is fearr dóibh siúd atá sa tóir ar fhíor-eispéireas d’Oileáin Árann. Aimsir mhaith, féilte agus na seirbhísí ar fad ar fáil.
“Tá na hoileáin beo bríomhar sa samhradh”
Meán Fómhair- Samhain -An Fómhar – ag moilliú anuas
Nuair a bhíonn an samhradh imithe i léig, éiríonn rudaí níos ciúine agus níos machnamhaí sa bhFómhar, fuaraíonn an aimsir ach fós bíonn an tírdhreach fíorálainn.
Buntáistí:
- Níos lú daoine: Faoin Mheán Fómhair tá formhór na dturasóirí imithe agus na hoileáin i bhfad níos ciúine. Beidh níos mó deis agat d’anáil a tharraingt agus sásamh a bhaint as suaimhneas na n-oileán tharla fuadar an tsamhraidh thart.
- Tírdhreacha Órga: Caitheann grian an Fhómhair dath órga ar na hoileáin. Bíonn dath difríocht ar na claíocha cloch agus ar an bhféar ag an am seo, rud a fhágann ina am maith é do ghrianghrafadóirí agus d’aon duine a bhíonn ag iarraidh pictiúr difríocht de na hoileáin.
- Eispéiris Chultúrtha: Bítear ar ais ag an ngnáthrithim saoil rud a thugann seans do thurasóirí fíorléargas a fháil ar ghnáthshaol oileáin. Bíonn na daoine socraithe síos mar gheall go mbíonn laghdú tagtha ar fhuadar an tséasúir turasóireachta.
Míbhuntáistí:
- Aimsir níos Fuaire: Is féidir leis a bheith sách fuar sa bhFómhar, sin mura bhfaigheann muid Samhradh Beag. Bíonn sé ag cur báistí níos minice agus is féidir le gaotha an Atlantaigh a bheith sách fíochmhar.
- Laethanta níos Giorra: Faoin am a dtagann mí Dheireadh Fómhair bíonn na laethanta i bhfad níos giorra agus mar gheall air sin ní bheidh seans agat an méid céanna a fheiceáil in aon lá amháin.
Is é seo an t-am is fearr do dhaoine atá ag cuardach ciúnas, tírdhreacha álainn Fómhair agus fíoreispéireas cultúrtha.
Deireadh Fómhair- Márta – An Geimhreadh
Bíonn rudaí difríocht sa ngeimhreadh ar Oileáin Árann. Ní fheilfeadh cuairt do chuile dhuine ag an am seo ach má tá tú sásta cur suas le haimsir fhuar is cinnte go mbainfidh tú taitneamh as an suaimhneas.
Buntáistí:
- Síocháin agus Suaimhneas Iomlán: Má tá tú ag iarraidh taitneamh a bhaint as Oileáin Árann i d’aonar, is é an geimhreadh an t-am is fearr. Ní bhíonn mórán turasóirí thart ar chorr ar bith, agus aireoidh tú suaimhneas as an ngnáth atá deacair le fáil in aon áit eile.
- Radharcanna Fiáine Geimhridh: Bíonn an tAtlantach garbh agus d’fhéadfadh sé a bheith ceomhar agus corr stoirm geimhridh a bheith ann rud a chruthaíonn radharcanna drámatúla. Is am é do mhachnamh agus siúlóidí deasa réidh chun taitneamh a bhaint as áilleacht nádúrtha agus sceirdiúil na n-oileán.
- Costas níos Ísle: is é seo an t-am a mbíonn an méid is lú turasóirí thart agus is iondúil go dtiteann praghsanna lóistín agus bád.
Míbhuntáistí:
- Aimsir Dhúshlánach: Dóibh siúd ar bheagán misnigh ní hé an geimhreadh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann. Is féidir leis an ngaoth agus leis an mbáisteach a bheith sách dona. Tá níos mó seans go gcuirfí na báid ar ceal le linn drochaimsire, rud a chuireadh as do phleananna taistil.
- Seirbhísí teoranta: Dúnann go leor gnólachtaí sa ngeimhreadh, bialanna agus tithe lóistín ina measc agus ní fhanann oscailte ach na seirbhísí riachtanacha. Beidh ort do thuras a phleanáil go cúramach agus déanamh cinnte de go mbeidh gach rud a theastóidh uait agat.
Is é seo an t-am is fearr do lucht eachtraíochta a dtaitníonn ciúnas, aimsir gharbh agus am machnaimh leo.
Labhraíonn níos lú ná 2% de dhaonra na hÉireann Gaeilge go laethúil. Cé nach bhfuil an ghlúin sin nach raibh aon Bhéarla acu agus nár labhair ach Gaeilge ann níos mó, tá an Ghaeilge fós á labhairt chuile lá ar an oileán, inár scoileanna agus inár bpobail.
Is teanga dhomhanda í an Béarla agus le domhandú tagann athrú.
Tabhair cuairt ar an oileán sna míonna ciúine, caith seachtain ann nó níos mó agus beidh neart deiseanna agat éisteacht leis an teanga, í a fhoghlaim agus do chúpla focal a chleachtadh.
Mar sin, cén t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann ?
Braitheann sé ar cibé rud atá uait. Tá an Samhradh feiliúnach dóibh sin atá ag iarraidh aimsir bhreá, féilte agus atmaisféar bríomhar. D’fheilfeadh an tEarrach nó an Geimhreadh dóibh sin a bhíonn ag iarraidh saoire níos ciúine, nuair nach mbíonn mórán daoine thart agus níos lú fuadair ann, agus ag na hamanna sin bíonn na bláthanna fiáine amuigh agus an tírdhreach deas órga. Oireann an Geimhreadh do lucht eachtraíochta, sa tóir ar aimsir fhiáin agus tírdhreach lom.
Is cuma cén t-am a dtugann tú cuairt ar Oileáin Árann, titfidh tú i ngrá leis an tírdhreach, leis an gcultúr agus an tsíoraíocht ama. Bí cinnte pacáil do chuile chineál aimsire, ná dearmad go bhfuil tú ag tabhairt cuairt ar oileáin san Atlantach.
Ag Smaoineamh ar Chuairt a Thabhairt ar Oileáin Árann? Tabhair Cuairt Orthu!
Más rud é go bhfuil tú fós ag smaoineamh ar ar fiú cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann, seo roinnt de na príomhchúiseanna a chreidim a fhágann go bhfuil siad speisialta. Ach ná glac le mo chuid focal amháin. Déan do thicéad a chur in áirithe, pacáil do mhálaí, agus féach leat féin!