Bíonn an saol rud beag níos moille ar oileán rud a fhágann gur áit iontach é má tá tú ag iarraidh briseadh, athcheangal nó blaiseadh a fháil d’eispéireas fíor-Ghaelach.
Áit Álainn chun éalú ann
Is áit iontach é Inis Oírr do dhaoine atá ag iarraidh imeacht óna ngnáthshaol laethúil agus ceangal lena n-intinn. Níl sé ach 6 mhíle ó chósta Chontae an Chláir agus tá sé ina chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin – áit é atá furasta dul ann agus éalú leat ó fhadhbanna an tsaoil laethúil. Tugann na claíocha aolchloiche foscadh agus mothú tacaíochta óna daoine atá imithe romhainn. Tá tránna bána, cladaigh carraigeacha agus buailte lán le bláthanna fiáine ann agus radharcanna breátha ar an Aigéan Atlantach Fiáin mórthimpeall orainn. Níl áit níos fearr le fáil chun athceangal le bealach saoil níos simplí, le moilliú anuas agus scíth a ligean.

Top of Pier
Inisheer Pier
Sauna
On the Beach
Inisheer Airport
Aerfort Inis Oírr
Éalú Aran
Tent
Church of the Seven Sisters
Ancient Ruin
HSE Primary Care Centre
Doctor
Charlie Bird’s Memorial Seat
& Viewpoint
Fisherman’s Memorial
Memorial Stone
Inis Oírr Lighthouse
Fardoras Point Lighthouse
The Plassey
Shipwreck
The Big Lake
Loch Mór
O’Briens Castle
Formna Castle
Inis Oírr Church
St. Mary’s Church
Tobar Eanna
St. Enda’s Sacred Well

Top of Pier
Inisheer Pier
Sauna
On the Beach
Inisheer Airport
Aerfort Inis Oírr
Éalú Aran
Tent
Church of the Seven Sisters
Ancient Ruin
HSE Primary Care Centre
Doctor
Charlie Bird’s Memorial Seat
& Viewpoint
Fisherman’s Memorial
Memorial Stone
Inis Oírr Lighthouse
Fardoras Point Lighthouse
The Plassey
Shipwreck
The Big Lake
Loch Mór
O’Briens Castle
Formna Castle
Inis Oírr Church
St. Mary’s Church
Tobar Eanna
St. Enda’s Sacred Well
Na hÁiteanna is Fearr Linn
Man of Aran Fudge
Faoiste blasta déanta ar an oileán! Bhunaigh Tomás Póil, oileánach ó dhúchas, Man of Aran Fudge os cionn 25 bliain ó shin. Tá os cionn 10 mbliana caite ag a nia Eoghan ag déanamh agus ag díol an fhaoiste seo ar Inis Oírr. Tá neart rogha acu, ó Tiger Butter a bhfuil gradam buaite aige, go Seacláid le hOráiste agus Baileys fiú!
Teach an Tae
Caife teaghlaigh a chuireann caife barista, tae, bácáil baile agus béilí folláine ar fáil. Suite go lárnach, bain taitneamh as radhairc áille farraige ar ár bpaitió grianmhar, nó lig do scíth in aice leis an tine sna seomraí tae taobh istigh.
Caife Úna
–Caife cniotála agus ceardaíochta atá suite ag barr na céibhe in Inis Oírr. Is bácáil baile ar fad atá i gCaife Úna agus tá anraith, lón agus caife den scoth ann. Tá spás ann do ghrúpaí ach é a bheith curtha in áirithe roimh ré.
Tigh Ned
Is teach tábhairne traidisiúnta é Tigh Ned. Cuirtear fáilte chroíúil ann roimh chách agus tá pionta breá Guinness le fáil ann. Le linn an tséasúir turasóireachta bíonn bia ar fáil idir 11.30r.n agus 4.30i.n. Ní féidir bord a chur in áirithe roimh ré. Bíonn fear an tí, Páraic, ag iascach sna farraigí timpeall an oileáin ina bhád Lily Sue agus mar sin bíonn iasc úr ar an mbiachlár.
Shipwreck Takeaway
Lonnaithe ag an bPlassey atá an trucail bia seo agus tá radharc iontach as an áit ar Aillte an Mhothair agus tú ag ithe do bhéile. Baintear úsáid as comhábhair úra as an áit agus is spota áisiúil é do ghreim le n-ithe agus tú ag spaisteoireacht in Inis Oírr.
Ostán Inis Oírr
Tá Óstán Inis Oírr neadaithe i measc áilleacht nádúrtha an oileáin. Tá radharcanna deasa as ar an tírdhreach uathúil agus fuaimeanna suaimhneacha na farraige le cloisteáil in aice láimhe. Airíonn cuairteoirí a bhíonn ar bhriseadh san áit ar a suaimhneas anseo. Is cinnte nach ndéanfaidh siad dearmad ar atmaisféar deas an óstáin seo.
Tigh Ruairi
Tá an teach tábhairne seo lonnaithe i gcroílár an oileáin agus cuirtear fáilte agus seirbhís iontach ar fáil ann le linn an tséasúir turasóireachta. Bíonn ceol ann chuile oíche i rith an tsamhraidh. Tá bia d’ardchaighdeán le fáil sa mbeár gach lá ar phraghsanna réasúnta agus bíonn bia mara séasúrach ar an mbiachlár go rialta.
Chipper na Céibhe
Tá an áit seo buailte ar an gcéibh. Réitíonn siad an bia nuair a ordaítear é. Tá neart spás suí taobh amuigh le taitneamh a bhaint as na radharcanna áille den fharraige agus as atmaisféar an oileáin. Tá an áit feiliúnach do ghrúpaí.
An Currach Chipper
Is gnó teaghlaigh an trucail bia seo atá lonnaithe ar thrá brait ghoirm Inis Oírr. Is áit iontach é le crepe nó iasc agus sceallóga traidisiúnta a fháil agus ansin do scíth a ligeann tar éis do lá ag spaisteoireacht timpeall an oileáin.
Ostán Inis Oírr
Tá Óstán Inis Oírr neadaithe i measc áilleacht nádúrtha an oileáin. Tá radharcanna deasa as ar an tírdhreach uathúil agus fuaimeanna suaimhneacha na farraige le cloisteáil in aice láimhe. Airíonn cuairteoirí a bhíonn ar bhriseadh san áit ar a suaimhneas anseo. Is cinnte nach ndéanfaidh siad dearmad ar atmaisféar deas an óstáin seo.
Brú Radharc na Mara Hostel
Brú Saoire le háiseanna féinfhreastail suite in aice na mara agus cóngarach don chéibh. Tá seomraí éagsúla ar fáil idir seomraí 6 leaba, seomraí teaghlaigh agus seomraí príobháideacha le en-suite. Áit iontach le tús a chur le d’eachtraíocht oileáin.
Tigh Ned
Is teach tábhairne traidisiúnta é Tigh Ned. Cuirtear fáilte chroíúil ann roimh chách agus tá pionta breá Guinness le fáil ann. Le linn an tséasúir turasóireachta bíonn bia ar fáil idir 11.30r.n agus 4.30i.n. Ní féidir bord a chur in áirithe roimh ré. Bíonn fear an tí, Páraic, ag iascach sna farraigí timpeall an oileáin ina bhád Lily Sue agus mar sin bíonn iasc úr ar an mbiachlár.
Ostán Inis Oírr
Tá Óstán Inis Oírr neadaithe i measc áilleacht nádúrtha an oileáin. Tá radharcanna deasa as ar an tírdhreach uathúil agus fuaimeanna suaimhneacha na farraige le cloisteáil in aice láimhe. Airíonn cuairteoirí a bhíonn ar bhriseadh san áit ar a suaimhneas anseo. Is cinnte nach ndéanfaidh siad dearmad ar atmaisféar deas an óstáin seo.
Tigh Ruairi
Tá an gnó teaghlaigh Tigh Ruairí – teach tábhairne, bialann agus lóistín – lonnaithe i gcroílár an oileáin. Áit dheas compordach é. Más ar lóistín a bhíonn tú ann nó ag baint sásamh as béile blasta tá tú san áit cheart le dul ag spaisteoireacht thart san oileán
Rith Fiáin an Oileáin Atlantach
Is rás bóthair 5km & 10km é “Inis Oírr Wild Atlantic Island Run” a bhíonn ar siúl chuile bhliain le hairgead a bhailiú do Choláiste Ghobnait, meánscoil an oileáin. Tugann an t-oileán ar fad tacaíocht mhór don ócáid chuile bhliain.
Cleas CTR
Is cuideachta muid a chuireann an Clár Seirbhísí Pobail i bhfeidhm ar an oileán le tacaíocht ó Phobal. Cuireann muid seirbhísí ar nós Síob an Phobail ar fáil agus díolann muid earraí a bhíonn lámhdhéanta san áit. Bíonn an siopa oscailte ón 10r.n – 4 i.n.
Rothaí Inis Oírr
Táimid lonnaithe trasna an bhóthair ón gcéibh. Bíonn muid oscailte seacht lá na seachtaine, an bhliain uilig. Is áit an–áisiúil é Inis Oírr don rothaíocht agus tugann sé deis duit an t-oileán a fheiceáil ag do luas féin. Is fiú cúpla lá a chaitheamh san áit le taitneamh ceart a bhaint as an oileán.
Siúlóidí Marcáilte
Tá dhá lúbshiúlóid ar Inis Oírr. Tosaíonn agus críochnaíonn an dá shiúlóid ag an gcéibh. Lúb Cheathrú an Phoillín. Saighead corcra ar chúlra bán. Fad 11.2km. Lúb Cheathrú an Locha. Saighead uaine ar chúlra bán. Fad 7km
Áras Éanna Ionad Ealaíne
Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip. Is spás ealaíne ilfheidhmeach é atá i bhfoirgneamh a dearadh ar dtús mar mhonarcha fíodóireachta. Tá stiúideo ealaíontóra ann, amharclann 75 suíochán, dhá ghailearaí agus seomraí do cheardlanna agus ranganna
Joyces Bike Hire
Lonnaithe in aice na trá, tugann Joyce’s Bike Hire deis duit taitneamh a bhaint as an oileán ag do luas féin. Tá go leor rothair éagsúla acu, rothair traidisiúnta, rothair leictreach chomh maith le bugaithe do ghasúir atá tú in ann ceangal le rothar féin.
Rásaí Inis Oírr
Reáchtálann muid deireadh seachtaine lán le spraoi chuile bhliain – rásaí do pháistí – rás ubh agus spúnóg, rás trí chos srl., Comórtais do Dhaoine fásta – léim fhada, léim ard, poc fada, tarraingt téide srl., agus rásaí currach traidisiúnta. Is eagraíocht pobail neamhbhrabúis a reachtálann Rásaí Inis Oírr.
Capall agus Carr – Téigh thart in Inis Oírr ar chapall agus carr
Bain taitneamh as áilleacht an oileáin ar bhealach iomlán éagsúil, tóg turas capall agus carr. Tugann an modh traidisiúnta iompair seo seans duit tírdhreacha gleoite an oileáin a fheiceáil ag luas deas suaimhneach in éindí le tiománaí áitiúil a thabharfaidh eolas duit faoi chuile rud atá le feiceáil.
An Ceard Shiopa
Lonnaithe i gceartlár An Bhaile Thiar ar Inis Oírr. An Ceard Shiopa is siopa gleoite é An Ceard Shiopa a chuireann fáilte roimh chách.
Aran Seaweed Baths and Spa
Aran Seaweed Baths and Spa go leor cóireálacha agus táirgí ar fáil a chinntíonn go mbeidh am suaimhneach agus síochánta agat. Ceann de na rudaí is deise ná an folcadh feamainne traidisiúnta, inar féidir leat leas na feamainne nach bhfuil ach bainte a shú isteach.
Páirc Spraoi Inis Oírr
Is spás breá amuigh faoin aer é Páirc Spraoi Inis Oírr. Áit iontach do chlann lena scíth a ligean agus seans a thabhairt do na páistí dul ag spraoi agus casadh le páistí eile le linn a gcuid laethanta saoire.
Wanderly Wagon Tours
Bain tairbhe as do lá ar Inis Oírr trí Thuras Wanderly Wagon.. Bealach compordach agus treoraithe é seo le fáil amach faoi stair an oileáin, faoin tírdhreach agus na háiteanna spéisiúla.
Teampall Ghobnait – Cill Ghobnait
Tógadh an séipéilín cúlráideach seo san 8ú nó 9ú haois agus tá sé tiomnaithe do Naomh Gobnait, Pátrún Bhaile Bhuirne. De réir an tseanchais tháinig Naomh Gobnait go hInis Oírr ar thóir dídine le linn di a bheith ag teitheadh óna naimhde ar an mórthír.
Tobar Éanna
Tá an-ómós ag muintir na háite do Thobar Éanna. Titeann a lá féile ar an 11 Márta agus bailíonn muintir na háite ag an tobar an lá sin le paidreacha a rá. Tá neart scéalta ag na hoileánaigh faoi dhaoine a fuair leigheas ag Tobar Éanna.
An Plassey
Bhuail an Plassey “Carraig na Finnise” sa bhliain 1960. Bád lastais a bhí inti a bhí ag iompar meascán lastais idir snáth, gloine dhaite, agus fuisce I measc rudaí eile. Shábháil muintir na háite an criú uilig. Feictear An Plassey ag tús an chláir teilifíse Father Ted.
Caisleán Uí Bhriain
Is iad na Brianaigh a bhí i gceannas an oileáin go dtí an bhliain 1585 agus le linn dóibh a bheith ar an oileán thóg siad an caisleán trí stóir seo. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de dhún cnoic réamhstairiúil ar a dtugtar Dún Formna. Tógadh an caisleán sa spota ard caoithiúil seo le go mbeadh feiceáil bhreá amach as timpeall an oileáin.
Teampall Chaomháin
Teampall Chaomháin Nochtadh an struchtúr ársa seo, atá anois ar Liosta na Séadchomharthaí Náisiúnta, sa bhliain 1885, nuair a ghlan gála mór gaoithe an méid gainimh a bhí os a chionn agus ina thimpeall. Tá sé ansin ón gCré-Umhais (1500 RC) agus ba mar thuaim a tógadh é.
Cnoc Raithní
Nochtadh an struchtúr ársa seo, atá anois ar Liosta na Séadchomharthaí Náisiúnta, sa bhliain 1885, nuair a ghlan gála mór gaoithe an méid gainimh a bhí os a chionn agus ina thimpeall. Tá sé ansin ón gCré-Umhais (1500 RC) agus ba mar thuaim a tógadh é.
Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi Inis Oírr?
Faigh amach Inis Oírr Beo, an aip soghluaiste do mhuintir agus chuairteoirí Inis Oírr. Tá leathanaigh againn do gach gnó ar an oileán – lena n-amanna oscailte, táirgí, grianghraif agus na himeachtaí is déanaí.
Déan cuardach ar an léarscáil oileánda, bain úsáid as cód QR nó féach ar fhéilire an oileáin go díreach.