Skip to main content

Faigh Amach faoi Oileáin Árann

Tá luas saoil níos moille ar Oileáin Árann, mar sin is é togha na háite é chun dearmad a dhéanamh ar chuile rud agus díriú ar eispéireas fíor Éireannach.

Eolas faoi Éalú AranSuíomh

Aistear Folláine agus Ceangail

Bain taitneamh as áilleacht agus suaimhneas Oileán Árainn le hÉalú Aran. Cuireann muid réimse leathan imeachtaí agus cúrsaí folláine ar leith ar fáil, deartha chun d’intinn, do chorp agus do spiorad a athnuachan.

Más deireadh seachtaine folláine in Éirinn atá uait, cúrsa aireachais nó más ag féachaint le ceangal arís le luas saoil níos moille atá tú, feilfidh ceann de chúrsaí Éalú Aran tú. I measc na dtairiscintí a chuirtear ar fáil tá ióga, obair anála, siúlóidí dúlra, siúlóidí cois farraige agus snámh sa bhfarraige, a chomhcheanglaíonn ciúnas nádúrtha oileán Inis Oírr le treoir shaineolach chun eispéireas nach ndéanfaidh tú dearmad air go deo a chruthú.

Cé muidne

Faigh Amach faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Ár nÁiseanna agus Ionad

San áireamh inár gcúrsaí oileáin, tá imeachtaí taobh amuigh, rud a thugann seans dúinn am a chaitheamh faoin aer, rud nach mbíonn deis againn déanamh go minic. Ní féidir a bheith cinnte faoin aimsir in Éirinn, agus nuair a bhíonn sé an-fhliuch nó gaofar úsáideann muid ár gcampa álainn canbháis in aice leis An Loch Mór. Tá lóistín ar fáil i dteach ar an oileán, ina bhfuil seomraí codlata shimplí agus seomra folctha príobháideach i ngach seomra.

Eolas Breise

Faigh Amach faoi Oileáin Árann

Tá draíocht ag baint le hOileáin Árann! Ceantar ina labhraítear Gaeilge agus ina bhfuil tírdhreach aolchloiche nach bhfuil in aon áit eile, chomh maith le stair ársa agus pobal, agus farraigí gorma an Aigéin Atlantaigh Fhiáin ina dtimpeall. Bain taitneamh as atmaisféar suaimhneach agus beo an oileáin. Is áit iontach é Inis Oírr chun roinnt ama a chaitheamh ag moilliú anuas, do scíth a ligean agus do chuid fuinnimh a threisiú

Iniúchadh

News, Tips & Insights

""
Bealaí Spraíúla le Gaeilge a fhoghlaim tríd Ióga

Bealaí Spraíúla le Gaeilge a fhoghlaim tríd Ióga

Tógann sé am aon teanga a fhoghlaim, ach má aimsíonn tú bealaí cruthaitheacha chun tú féin…
""
Cén ceann d’Oileáin Árann ar cheart dom dul ann…. ar dtús?

Cén ceann d’Oileáin Árann ar cheart dom dul ann…. ar dtús?

Oileáin Árann, Triúr deirfiúr Shlí an Atlantaigh Fhiáin Tá Oileáin Árann – Inis Mór, Inis Meáin…
""
Cén t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann?

Cén t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann?

Treoir maidir leis an am is fearr le cuairt a thabhairt ar Oileán Árann ag brath…

Ag Cuardach Eispéireas

Ar mhaith leat briseadh deireadh seachtaine ar oileán chun tú féin a athnuachan, deireadh seachtaine ióga trí Ghaeilge a chaitheamh ann, cleachtadh a dhéanamh ar chumhacht na hanála, nó díreach moilliú anuas, scíth a ligean agus athcheangal leat féin. Seo é do chuireadh chun éalú leat chuig an leigheas ar leith atá le fáil in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’oileáin chlúiteacha Oileán Árainn.

CúrsaíTuilleadh Eolais